Nasc Scoileanna Tuaisceart-Deisceart.

Ba ocáid mhór é nuair a thug an Taoiseach Berite Ahern agus Príomh Aire na Breataine Tony Blair cuairt ar Scoil Naomh Aodhán ar an séú lá is fiche de mhí na Samhna. Is iarscoláire é Bertie agus táimid an-bhródúil as. Rinne an bheirt acu sár-obair chun an próiséas síochána a chur ar aghaidh. Táimid an-bhrodúil sa scoil go raibh an deis againn ár bpáirt a ghlacadh leis an bpróiseas seo, trí mhéan na cumarsáide. Tá dul chun cinn déanta againn agus táim féin cinnte de go mbeidh síocháin sa todhchaí. Fé mar a deir an seanfhocal,
"I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin"

C. Ní Dhochartaigh

Ba lá iontach stairiúil é, an 26 Samhain 1998 i stair na scoile. Fograíodh go mbeadh an Taoiseach, Berite Ahern, iarscoláire clúiteach na scoile, ag teacht ar cuairt chuig Scoil Aodháin. Fógraíodh freisin go mbeadh Príomhaire na Breataine in éineacht leis. Ainneoin na báistí, sheas buachaillí na scoile mar ghárda urraime rompu. Tá taithí againnn ar fháilte a chur roimh an Taoiseach, ach ba ghaisce do-chreidte é teacht Tony Blair go dtí an scoil. Níor tharla a leithéid riamh in aon scoil i ndeisceart na hÉireann, gabh fhios dúinn. Ar nós Iúl Caesar ó chianaibh, tháinig, chonaic agus sháraigh sé.

 

Sa tslí gur chraith sé lámh le beagnach gach duine ar an ngárda urraime léirigh sé a chneastacht nádúrtha agus a dhaonnacht dúchasach. Rinne Banambasadóir na Breataine comhbhrón leis na mic-léinn an an ngárda urraime go raibh orthu bheith ina seasamh sa bháisteach agus sa bhfuacht. D'admhaigh sí go mbeadh An Príomhaire agus a lucht coimhdeachta an-bhuíoch dóibh. Chuir líon na bhforsaí slándála iontas orainn. Bhí an lucht slándála le feiceáil i ngach áit - díon na scoile, pairceanna imeartha agus clós na scoile - gach áit, geall a bheith.

Lá dár saol a bhí ann agus beidh cuimhne againn ar an lá céanna fad a mairfimid. Go maire ár gcuairteoirí cáiliúla faoi shéan is faoi shonas. Gabhaimid ár mbuíochas ó chroí leo as ucht a dteacht.

Paidraig MacCriostail

 

 

 <<<Previous

 Next>>>

Email: aidancbs@iol.ie

Copyright © 1998 St Aidans CBS
Last modified: January 9, 1999